Google Doodle 4 Google

Comórtas 2012

Tá an tréimhse vótála críochnaithe anois. Tar ar ais arís go luath chun feáchaint ar na buaiteoirí.

Baineann Google leas as na dearaí lógó nó doodles ar an leathanach baile, le daoine, le hócáidí nó le dátaí speisialta éagsúla a chomóradh. De ghnáth déanann ár ndearthóirí Gréasáin na doodles seo a chruthú. Cuirimid fáilte, áfach, don cheathrú bliain as a chéile, roimh dhaltaí na hÉireann a doodle féin a chruthú trí pháirt a ghlacadh sa chomórtas ‘Doodle 4 Google’!

Cuirfear doodle an dalta a bhuann an comórtas ar leathanach baile Google Éireann ar feadh 24 uair an chloig. Ina theannta sin, buafaidh sé/sí ríomhaire glúine, chomh maith le ceann eile dá m(h)úinteoir, agus bronnfar deontas teicneolaíochta €10,000 ar a scoil!

Is é an téama i mbliana, ‘Ba bhreá liom...’. B’áil linn breacaireachtaí a fheiceáil atá spreagtha ag mórmhianta na ndaltaí scoile, bíodh sé sin dul go dtí an ghealach, ollchumhacht a bheith acu, a bheith ina n-uachtarán nó casadh le duine éigin mór le rá.

 

Buaiteoirí Roimhe Seo

Buaiteoir 2009

Winner 2009

Buaiteoir 2010

Winner 2010

Buaiteoir 2011

Winner 2009

© Google - Google: Baile - An tEolas ar Fad faoi Google - Téarmaí agus Coinníollacha